« Clár Cinn « Blag

Tús maith eile?

Fáilte go dtí mo bhlag nua! Deirtear gur tús maith leath na hoibre. Nuair a bhí mé níos óige, chuir mé tús réasúnta maith leis. Ach ansin, lean an saol ar aghaidh.

I lár na 90í, bhí mé ag obair mar dhearthóir grafach agus bhí an spéis agam sa bhfoilsitheoireacht neamhspleách. Tar éis cúpla bliain ag staidéar na Gaeilge dom, chuaigh mé i mbun tionscadail in éineacht le mo mhúinteoir agus Gaeilgeoirí eile chun “iris Mheiriceánach faoin gcultúr Gaelach” a tháirgeadh. Tugadh An Doras uirthi. Seo thíos sliocht as an chéad eagrán, dán grafach a chum mé faoi “aisling an phoncáin.”

Feicim bóthar sí nuair a dhúnaim mo shúile
mar a dtiteann mo charr faoi shuan na ndraoithe
in aice le gort grianbháite féir.

Suím fúm agus fanaim…

ag súil le báidín beag airgid
a bhrisfeadh a’ léaslíne gheal bhuí,
ag éisteacht le séideán in a rith neamhaireach
a bhéarfadh mé siar thar tithe na dtalmhaithe…

i measc lustan leisciúil na díge,
i m’iarlais cruthanta ar meisce…

i gKansas.

A graphic poem, "Tír Bhláthanna na Gréine" (The Land of Sunflowers) (1996)
Tír Bhláthanna na Gréine

Mar a dúirt mé, lean an saol ar aghaidh — posadh, clann, jab “ceart.” Rinne mé a lán adulting! Leis an fhírinne a rá, tá saol faoi rath againn. Ag an am céanna, d’éirigh mé as an nGaeilgeoireacht. Le linn na paindéime agus mé ag streachailt le brón aisteach na blianta sin, tharla sé dom cé chomh tábhachtach a bhí (agus atá) an Ghaeilge dom. 

Tá sí fós ina doras do mo chuid brionglóidí.

An Doras

Eagrán 1, 1996

Tabhair freagra

Ní fhoilseofar do ríomhphost. Tá réimsí riachtanacha marcáilte *

Ball de chuid

Cumann Úinitéireach Uilíoch
na Ginéive (Illinois)

www.uusg.org

Ilchreidmheach • Aon Phobal