« Clár Cinn « Blag

Brionglóidí (agus stuif eile)

Lá ‘le MLK shona dhaoibh! Ar maidin, bhí bricfeasta speisialta againn ag an oifig, mise agus scata beag comhoibrithe. Cóisir féachana a bhí ann. Bíonn ócáid bhliantúil, an MLK Breakfast de chuid UNCF, arna urrú ag mo chomhlacht agus ba í Valerie Jarrett an t-aoi oinigh i mbliana. Bhí sí agus na hóstaigh eile ag labhairt faoin ghluaiseacht ar son na gcearta agus téama an teachta aniar (nó “resilience” i mBéarla.)

Mar a dúirt an Doctúir Martin Luther King, Jr.:

Ag tús na bliana seo chugainn, bímid ag machnamh ar an saol agus na rudaí “ba chóir” dúinn a dhéanamh lenár gcuid ama ar talamh. “Eanáir gan Bhraon,” an aclaíocht, nó an flasaíocht b’fhéidir. Flasaíocht meanman le bheith cinnte!

Is beagnach mí go leith ó chuir mé tús maith eile leis an blog seo. Tá mé ag obair go dian ar tionscadal nua atá ar intinn agam le fada. Faoi láthair, tá mé ag streachailt le fadhbanna teicneolaíocha ach bím dá réiteach céim ar chéim. Beidh sé réidh a sheoladh roimh i bhfad, le cúnamh Dé.

Idir an dá linn, tá tallann ionam rud éigin a roinnt faoi, cé nach bhfuil mé réidh i ndáiríre. Seachas sin, bíonn imní orm nach bhfuil mé ach ag seasamh i mo staic.

Tabhair freagra

Ní fhoilseofar do ríomhphost. Tá réimsí riachtanacha marcáilte *

Ball de chuid

Cumann Úinitéireach Uilíoch
na Ginéive (Illinois)

www.uusg.org

Ilchreidmheach • Aon Phobal